top of page

Eolas faoi PROZ Pro Bono

Tá an cuid is mó don líonláithreán seo scríofa i mbéarla, ach ba mhaith linn go mbeadh ár gcairde ar fud an domhain, ábalta eolas a fháil faoin obair a dhéanaimid ina dteangacha féin.

Léirigh an leathanach seo an obair a dhéanaimid , na daoine atá ag obair linn agus bunchúis na h-oibre. Tá gach leagan aistrithe le duine dár saorálaithe.

Mar sin is féidir libh scríobh chugainn in aon dteanga agus gheobhaidh sibh freagra sa teanga cheana.

Eolas faoi  PROZ Pro Bono

Cad atá i gceist?

Is tionscnamh saor é Proz Pro Bono bunaithe le Proz.com. Is é Proz.com an comhphobhal aistrithe agus teangaire is mó sa domhain. Is í cúis an tionscnamh seo ná na daoine seo a chur i dteagmháil le h-eagraíochtaí neamhbhrabúis ag lorg aistriúcháin déanta lenár saorálaithe. Mar sin is féidir leis na h-eagraiochtaí seo tacaíocht agus leargas a fháil chun cabhrú le daoine ag maireachtáil i dtíortha bochta gan morán cumarsáide.

Bíonn Proz Pro Bono ag cuidiú le h-eagraíochtaí ar fud an domhain chun go mbeadh siad in ann seirbhísí riachtánacha a thabhairt do thíortha agus daoine bochta.

Is iad daoine gairmúla saorálaithe Proz Pro Bono, atá go léir mar ball do Proz.com. Tá na daoine seo lán chroí agus d’aigne chun imbhualadh a bheith acu sa chomhphobal seo, ag tabhairt saineolas saor in aisce do dhaoine ag iarraidh cabhair. Is iad Proz.com a bhronnann na maoin chun an tionscnamh seo a chur i bhfeidhm.

Tá Proz Pro Bono ag obair ar fud an domhain agus is féidir le gach uile duine páirt a ghlacadh ann am ar bith, cé go bhfuil an obair seo déanta go h-iargúil.​

'Breathnaigh ar leathanach na h-ambasadóra chun a fháil amach an bhfuil ambasadór i do tír nó teanga'

Translated by Mary Kenny/Aistrithe le Máire Ní Chionnaigh.

bottom of page